Search Last 7 Days Death Notices
Annie (Nan) Uí Chatháin
Doirefhearta Mór
An Cheathrú Rua
Nan, 19ú Meán Fómhair 2025, go suaimhneach i gcomhluadar a muintire. Imithe roimpi tá a fear céile Peadar, a mac Seán, agus a tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha agus a garmhac Máirtín Antaine. Croíbhriste ina diaidh tá a clann mac Máirtín, Tomás, Antaine, Micilín agus Peadar, iníonacha Máirín agus Peige. Garchlann, clann gharchlainne, nianna, neachtanna, gaolta, comharsana agus cairde go leor.
Beidh sí á tórramh ina dteach cónaithe go príobháideach Dé Domhnaigh. Léifear Aifreann na Marbh do Nan, Dé Luain 22ú Meán Fómhair ag meán lae i Séipéal Mhic Dara, An Cheathrú Rua (H91 EN23). Cuirfear í tar éis an aifrinn i Reilig Chladhnach.
Ar dheis Dé go raibh a h-anam dílis.
Date Published:
Saturday 20th September 2025
Date of Death:
Friday 19th September 2025