Search Last 7 Days Death Notices
Fuair Pól Ó Laoire, as Gort A’ Choirce lá den tsaol, bás sa bhaile i New Jersey Mheiriceá ar an 3 Meán Fómhair 2025. Croíbhriste ina dhiaidh tá a
chéile Lori, a chlann Michael (Brandi) agus Moya (Leo) agus a gharchlann,Wyatt agus Olive. Leasmhac ionúin do Bhrendan Kearney, deartháir ionúin
Mháire, Chonaill, Lillis, Chlíona agus Mhéabh, agus an duine ab óige den teaghlach, tá siad uilig á chronú go mór. Ar shiúl roimhe ar Shlí na Fírinne tá
a athair Lillis agus a mháthair Bernie; athair agus máthair Lori, Arnie agus Sue; agus a dheirfiúr chéile ionúin Mary O’Leary. Fear mór cuideachta a bhí
i bPól agus tá scaifte mór gaolta eile agus cairde go buartha ina dhiaidh fosta.
Ceiliúrfaidh an tAthair Donnchadh Ó Baoill, SP Ghort A’Choirce, íobairt naofa an Aifrinn i gcuimhne ar Phól ar an tSatharn 8 Samhain 2025, i
dTeach Pobail Chríost Rí ag 1.00p.m. Tá an teaghlach buíoch d’achan duine a rinne comhbhrón leo faoi bhás Phóil roimhe seo.
Paul O’Leary, from Gortahork, Co. Donegal, died on 3 September 2025 at his home in New Jersey, USA. Heartbroken are his wife, Lori, his children
Michael (Brandi), and Moya (Leo), and his grandchildren, Wyatt and Olive. Beloved stepson of Brendan Kearney, much loved brother of
Máire, Conal, Lillis, Clíona and Méabh, he was the youngest of his siblings, all of whom miss him greatly. Gone before him on the Way of
Truth are his parents Lillis and Bernie; his wife Lori’s parents, Arnie and Sue; and his beloved sister-in-law, Mary O’Leary. Gregarious and fun
loving, Paul is also mourned by a wide circle of extended family and friends.
Fr. Donnchadh Ó Baoill, PP Gortahork, will celebrate the Holy Sacrifice of the Mass in Paul’s memory on Saturday November 8 in the Church of
Christ the King at 1.00p.m. Mass will be live streamed on www.mcn.live.tv/camera/christ-the-king-gortahork.
We thank everyone for all the messages of sympathy and condolence we have already received since Paul died.
Ar dheas lámh Dé go raibh a anam dílis.
Date Published:
Monday 27th October 2025
Date of Death:
Wednesday 3rd September 2025
